
← ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club28. Mai · 26 Min.
An Cleasaí Dubh - Leabhar mhí an Mheithimh 2026 | May's Book of the Month 2026
[English version below]
Maireann scéalta Bhríain Mhic a’ Bhaird i saol atá idir an coitianta agus an corr – saol ina mbuaileann draíocht na samhlaíochta le gnáthshaol na tuaithe. Tá na carachtair a chruthaíonn sé beo daonna, ach bíonn scáil éiginnteachta ag crochadh tharstu go minic, le seift éigin agus rúndiamhair fite fuaite i scéalta a mbeatha. Léirítear réimse leathan de shaolta sna scéalta seo: tá an greann ann chomh maith leis an ghruaim, leis an uaigneas agus an cairdeas, an fhírinne lom agus an chaimiléireacht. Tugann Mac a’ Bhaird a ghuth sainiúil féin do shaol atá ag athrú, guth atá fréamhaithe sa traidisiún ach atá ag lorg bealaí úra leis an fhírinne a rá amach. Seo leabhar a mheallfaidh an léitheoir isteach sna saolta a nochtar dúinn, áit a mbíonn an gnáthshaol i gcónaí réidh le héirí as an choiteann.
Láithreoir: Seán Ó Catháin
Aíonna: Dáibhidh Ó Luinín agus Caoimhín Ó Liatháin
[Leagan Gaeilge thuas]
A collection of short stories in Irish from the author of Iníon Katie and Ó Loinsigh agus Mason.
Presenter: Seán Ó Catháin
Guests: Dáibhidh Ó Luinín and Caoimhín Ó Liatháin