← Nuacht Mhall5 Sept · 4 min
5 Meán Fómhair 2026 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.

Anocht, beidh a troid dheireanach ag Katie Taylor, an dornálaí is rathúla i stair an spóirt in Éirinn. Beidh sí ag troid in aghaidh Flora Pili ón Fhráinc, os comhair slua de 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh ag deich a chlog anocht. Rugadh agus tógadh Taylor i mBré, Contae Chill Mhantáin, agus thosaigh sí ag dornálaíocht nuair a bhí sí dhá bhliain déag d'aois. Tá barraíocht comórtas agus duaiseanna bainte ag Taylor le liostáil anseo, ach ina measc tá bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012, curadh domhanda san éadrom-mheáchan agus curadh domhanda san éadrom-mheáchan trom. Beidh Taylor ag troid anocht den uair dheireanach, ach fanfaidh an méid atá bainte amach aici i gcuimhne lucht leanúna dornálaíochta go ceann i bhfad.

Níl deireadh le cás Lindsay Clancy sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo. I ndiaidh níos mó ná sé lá de dhíospóireacht, ní raibh an giúire ábalta teacht ar chinneadh d'aon ghuth agus mar sin d'fhógair an breitheamh gur míthriail a bhí ann. Admhaíonn Clancy gur mharaigh sí a triúr páistí féin trí bliana ó shin ach maíonn sí go raibh síocóis iarthuismidh uirthi, gur tugadh barraíocht cógas di, agus nach dúnmharú réamhbheartaithe a bhí i gceist. Tá roinnt cásanna dlí ar siúl maidir le míchleachtas leighis. Beidh le feiceáil anois an ndéanfaidh na hionchúisitheoirí iarracht Clancy a chur ar a triail arís.

Beidh taispeántas úr ag oscailt i Músaem na Breataine an tseachtain seo agus Taipéis Bayeux le feiceáil den chéad uair riamh i Londain. Rinneadh an taipéis sna blianta i ndiaidh choncas na Normannach ar Shasana san aonú haois déag nuair a ghlac Liam Concar seilbh ar choróin Shasana, agus léirítear mór-imeachtaí an choncais uirthi, lena n-áirítear Cath Hastings agus bás Harold Godwinson, an rí deireanach de chuid na nAngla-Shacsanach. Tá an Taipéis ar cheann de na saothair ealaíne is cáiliúla agus is stairiúla ar domhan, agus beidh sí le feiceáil ón deichiú lá de mhí Mheán Fómhair go dtí an t-aonú lá déag de mhí Iúil an bhliain seo chugainn.

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

dornálaí - boxer

éadrom-mheáchan trom - super lightweight

cinneadh d'aon ghuth - unanimous decision

míthriail - mistrial

síocóis iarthuismidh - postpartum psychosis

dúnmharú réamhbheartaithe - premeditated murder

concas - conquest